Nach tuirseach mé
den tír seo,
sean-tír bharbartha
mhí-chróga í,
‘s ba ró-bhinn lion
dul i bhfad uaithi,
ó thuaidh,
mar a bhfuil, deirtear,
na daoine glana
cultúrga, saibhre,
uaisle, sona le fáil,
iad ‘na ndúiseacht,
saoirse acu!
Ach déarfadh na
bráithre don phobal, go dí-mheasúil,
“Mar éan a thréig
an nead,
an fear a d’imigh ón
a thír dhúchais”
agus mé i bhfad
Eirinn uathu, ag gáirí
fé chríonnacht
ársa, fé dhlí
mo sheasc-mhuintir’.
Ach ní leanfad mo
thaibhreamh go deo,
fanfad anso go bás.
Meatachán mór
barbartha mise comh maith,
rud eile dhe,
táim i ngrá,
go nimhneach, gan dóchas,
leis an tír bhocht
bhrónach bhrocach
mhí-ámhrach
seo: le mo thír-se.